Mheall Sí Lena Glórthaí Mé

Seo mo mhallacht ar na mná

'Siad a mhearaigh mé 'gus rinne mo chrá

Thit mé i dtús mo shaoil i ngrá

Le spéirbhe, an álainn óg

Is mheall sí lena glorthaí mé

'S í bhí sochmaí laghach gan bhrói

'S í ba mheallachaí 's ba mhilse póg

Bhí sé cróiúil greannmhar cóir

'S ní bréag a bhfuil mé 'rá

Gur mheall sí lena glorthaí mé

Shíl mé nach raibh duine bocht ar mo dhream

Nach raibh sa tsaol seo ach spórt is greann

Ach faraoir tá mé fágtha anois go fann

Modhobhrán bhoct liom féin

Ó mheall sí lena glorthaí mé

Is iomaí oiche fhada fhuar

A chaith mé 'suirí leithe chois na gcruach

Is a 'teacht 'na 'bhaile arís gan ghruaim

Le bodhránacht a' lae

Nuair a mheall sí lena glorthaí mé

Thóg sí a seotlaí i bhfad ar shiúl

Is d'fhág sí mise a' sileadh na sul

Nar chuma liom dá mbínn a' dúil

Lena feicéail arís níos mó

Och, mheall sí lena glorthaí mé

Nach doiligh domhsa theacht fríd a' tsaol

O d'eálaigh an ainnir úd a chráigh mo chroí

Is d'fhág sí mise lag gan bhrí

'O mo chaitheamh 's 'o mo chloí

Ó mheall sí lena glorthaí mé

Ach dá bhfáighinn-s'a an saol seo ar mo mhian

Scéal cinnte go mbeimis óg a choích'

Nó chuirfin-se lámh na cloige arís

Go dtí an t-am arbh fhiú bheith beo

Nuair a mheall sí lena glorthaí mé

Mheall sí lena glorthaí mé

Is mheall sí lena glorthaí mé

Ó mheall sí lena glorthaí mé