Siobhán Ní Dhuibhir

D'éirigh mé ar maidin a tharraint

Chun aonaigh mhóir

A dhíol is a cheannacht

Mar a dhéanadh mo dhaoine romham

Bhuail tart ar an bhealach mé

Is shuigh mise síos a dh'ól

Is le Siobhán Ní Dhuibhir

Gur ól mise luach na mbróg

A Siobhán Ní Dhuibhir

An miste leat mé bheith tinn?

Mo bhrón is mo mhilleadh

Más miste liom tú bheith i gcill

Bróinte 'gus muilte bheith

'Scileadh ar chúl do chinn

Ach cead a bheith in Iorras

Go dtara síol Éacha chun cinn

A Siobhán Ní Dhuibhir

Is tú bun agus barr mo scéil

Ar mhná na cruinne

Go dtug sise an báire léi

Le gile le finne le maise

Is le dhá dtrian scéimh

Is nach mise an trua Mhuire

Bheith ag scaradh amárach léi