Ta 'me Mo Shui

Tá mé mo shuí ó d'éirigh'n ghealach aréir

Ag cur tein-e síos-go buan is á fadó go géar

Tá bunadh a' tí 'na luí is tá mise liom féin

Tá na coiligh ag glaoch 'san saol 'na gcodladh ach mé

'Sheacht mh'anam déag do bhéal do mhala is do ghrua

Do shúil ghorm ghlé-gheal fár thréig mé sionnach na lúb

Le cumha do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúil

Is a charaid mo chléibh tá na sléibhte 'dul idir mé's tú

Deiridh lucht léinn gur claoite an galar an grá

Char admhaigh mé é is é 'ndiaidh mo chroí istigh a chrá

Aicid ró-ghéar, faraor nár sheachain mé í

Is go gcuireann sí arraing is céad go géar trí cheart-lár mo chroí

Casadh bean-tsí dom thíos ag Lios Bhéal an Átha

D'fhiafraigh mé di an scaoilfeadh glas ar bith grá

Is é dúirt sí gos íseal i mbriathra soineannta sáimh

"An grá a théid fán chroí ní scaoiltear as é go bráth"